Conradh sínithe chun 16 Aonad Tithíochta Sóisialta a Thógáil i Maigh Chromtha

Kevin Morey, Divisional Manager North Cork, Cork County Council, Mayor of the County of Cork, Cllr. Frank O’Flynn and John Buckley, J.D. Buckley Construction Ltd. Cork County Council signing a contract.

Tá conradh sínithe ag Comhairle Contae Chorcaí le J.D. Buckley Construction Ltd. chun 16 aonad tithíochta sóisialta a fhorbairt ag An Sléibhín Thoir, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí. Is éard a bheidh sna tithe nua ná meascán de cheithre theach baile mhóir 2 sheomra leapa, deich n-árasán 1 sheomra leapa agus dhá árasán 2 sheomra leapa. Táthar ag súil go mbeidh costas iomlán na scéime thart ar €3.3m gan CBL san áireamh.

Beidh sé seo ar an dara céim den fhorbairt ag Comhairle Contae Chorcaí, seachadadh an chéad chéim a críochnaíodh le déanaí 8 n-árasán ar shuíomh folamh tréigthe i lár an bhaile.

Ag labhairt dó ag síniú an chonartha, dúirt Méara Chontae Chorcaí, an Comh. Frank O’Flynn, 

Tá lúcháir orm fáilte a chur roimh thús chéim a dó den fhorbairt tithíochta bunathraithe seo i Maigh Chromtha. Trí shuíomh a bhí tréigthe a thógáil agus a thabhairt shlán arís, cuirfidh an tionscadal seo saol nua isteach i lár an bhaile, chomh maith le tithe nua a sholáthar, a bhfuil géarghá leo,  i gcroílár an phobail.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí, Valerie O’Sullivan, 

Chomh maith le Tithíocht Shóisialta nua a thógáil ar shuíomh úrnua, lorgaíonn Comhairle Contae Chorcaí deiseanna chun suíomhanna fholmha agus thréigthe i lár na mbailte a athbheochan trí chóiríocht nua a fhorbairt. Léiríonn an tionscadal seo go bhfuil athnuachan na mbailte ar cheann de na cuspóirí de chuid Tithíocht do Chách - plean tithíochta an rialtais go dtí 2030. Tá sé cruthaithe ag Comhairle Contae Chorcaí gur eagraíocht í atá in ann tithíocht ardchaighdeáin a tháirgeadh agus, faoi réir maoinithe, leanfaidh sí ag aithint suíomhanna mar seo le haghaidh forbartha chun bailte a athnuachan agus pobail nua a thógáil.

Tugadh an fhorbairt seo ó dhearadh mionsonraithe go céim na tógála ag foireann ildisciplíneach faoi stiúir Rannóg na nAiltirí de chuid na Stiúrthóireachta Tithíochta de Chomhairle Contae Chorcaí, Innealtóirí Sibhialta agus Struchtúrtha Ray Keane Associates, Karl Slyne Quantity Surveyors Ltd agus DKP Building Services.