Dealbha faoi Scéim an Chéatadáin le haghaidh na nEalaíon suiteáilte mar chuid d'Fhorbairt Bóthair an N22

Goddess Áine N22 Sculpture.

Tá dhá ghné ealaíne ar scála mór, a léiríonn cinn mhná,   suiteáilte feadh bhóthar nua an N22 idir Maigh Chromtha agus Baile Bhuirne. Tá na dealbha cruthaithe ag an ealaíontóir Sarah Goyvaerts, atá lonnaithe in Iarthar Chorcaí, agus coimisiúnaithe ag Comhairle Contae Chorcaí  agus Bonneagar Iompair Éireann le maoiniú ó Scéim an Chéatadáin le haghaidh na nEalaíon le haghaidh fhorbairt an N22.

Léiríonn an chéad dealbh sinseartha  ‘An Cailín Cré-umhaoise’ bean óg a bhfuarthas a corp i láthair adhlactha le linn na n-oibreacha seandálaíochta ar fhorbairt an N22, áit ina créamadh agus adhlacadh í le cúram agus le hiarracht shuntasach i gCoill na nGoirtíní tuairim is 3,500 bliain ó shin. Léiríonn an dara dealbh sinseartha an bandia miotasach Áine, a bhfuil baint aici le torthúlacht, flúirse agus pointe lár an tsamhraidh den bhliain.

Tá ‘Áine’ suite ar an gciumhais ardaithe a bhfuil aghaidh ar an trácht atá ag teacht aniar i mbaile fearainn Chúil an Bhuacaigh agus í suite go cuí chun aghaidh a thabhairt ar éirí gréine Grianstad an tSamhraidh. Tá ‘An Cailín Cré-umhaoise’ suite ar an  gciumhais ardaithe a bhfuil aghaidh ar an trácht soir ag teacht isteach i mbaile fearainn Charraig an Phúca agus é leagtha amach le haghaidh a thabhairt ar luí na gréine Grianstad an Gheimhridh. Cruthaíodh na dealbha i bhfeireasuimint thar chreat líontáin agus cruach dhosmálta agus áirítear leo líocha nádúrtha a dhriogadh ó charraigeacha a fuarthas i gceantar Bhaile Bhuirne.

Ag fáiltiú roimh shuiteáil na saothar ealaíne, dúirt Méara Chontae Chorcaí, Frank O’Flynn,
 

Agus na dealbha tarraingteacha seo á nochtadh againn feadh fhorbairt an N22, táimid ag ceiliúradh na mbuntáistí iomadúla a thug seachbhóthar Mhaigh Chromtha go Baile Bhuirne don phobal, ag réiteach an bhealaigh le haghaidh fáis sa todhchaí, agus ag breathnú ar ár stair freisin. Thug Sarah Goyvaerts agus a foireann chruthaitheach an stair agus an miotas chun beatha. Ní hamháin go n-áillíonn  na píosaí seo an tírdhreach ach is fianaise iad chomh maith ar ár n-oidhreacht chultúrtha, ag sonrú ár gcaidreamh le háit agus ag coimeád ár scéalta beo.

Ag labhairt di ar a saothar deir an t-ealaíontóir Sarah Goyvaerts, “Is aitheantas é na dealbha ar an gceangal domhain sinseartha agus an gaol leis an talamh atá i gcroílár chruthaitheacht chultúrtha Mhúscraí agus spiorad áite Mhúscraí. Trí fheasacht a tharraingt ó thírdhreach cultúrtha níos leithne an Dá Chích (The Paps), go dtí na fionnachtana seandálaíochta a rinneadh le linn tógála an bhóthair seo tá súil agam go bhfeidhmeoidh na dealbha mar phointe tosaigh, ag cur scéal an naisc idir an inláimhsithe agus an doláimhsithe, an ceangal idir daoine agus áit atá fite fuaite go dlúth le creatlach na bpobal i Múscraí sa lá atá inniu ann. Tá na dealbha seo ceaptha mar dhroichead a nascann an lá inniu leis an am atá thart, ag tabhairt aghaidhe ar na sinsir mar láithreacht mhistiúil sa tírdhreach”.

Chonacthas rannpháirtíocht chruthaitheach sa tionscadal ealaíne poiblí seo le pobail áitiúla agus le sraith podchraoltaí dar teideal ‘Céimeanna- Tales and Trails’. Agus an podchraoladh a chuaigh leis á thaifead ag Sarah Goyvaerts agus Pádraig Ó Duinnín bhí comhráite acu le muintir Mhúscraí a raibh eolas nó scéalta acu le hinsint faoin gceantar feadh fhorbairt an N22. Scrúdaíonn an podchraoladh naisc idir cruthú áite, cuimhne chomhchoiteann, scéalaíocht agus an timpeallacht. Tá an tsraith ar fáil ar na cainéil ‘Céimeanna’ Instagram agus YouTube.

Roimh an tsuiteáil, dúirt an t-ealaíontóir Sarah Goyvaerts faoi Choimisiún an Chéatadáin le haghaidh na hEalaíne: “Tá sceitimíní orm go bhfeicfidh an pobal na dealbha sinseartha ‘An Cailín Cré-umhaoise’ agus ‘Áine’. Ba phribhléid é saothair a chruthú do chuid den chontae a bhfuil an-aithne agam air.