Scéim Deontais d'Imeachtaí agus Tionscnaimh Ghaeilge seolta ag Méara Chontae Chorcaí

Tá Scéim Deontais Imeachtaí agus Tionscnaimh Ghaeilge 2025 seolta ag Comhairle Contae Chorcaí. Seo an tríú bliain den chlár, a seoladh in 2023 chun maoiniú a chur ar fáil d’imeachtaí, do thionscadail agus do thionscnaimh Ghaeilge laistigh de Chontae Chorcaí.
Tacaíonn an scéim le tionscadail a úsáideann agus a chuireann an Ghaeilge chun cinn, lena n-áirítear féilte, ceolchoirmeacha, laethanta pobail a thacaíonn le teaghlaigh, comhdhálacha, scannáin, drámaí, nó aon fhoirm ealaíne a cheiliúrann agus a spreagann úsáid na Gaeilge ar bhealach a théann chun sochair agus a chuimsíonn an pobal.
D’fháiltigh Méara Chontae Chorcaí, an Clr. Joe O’Carroll roimh fhilleadh na scéime,
Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí, Moira Murrell,
I measc na dtionscadal rathúla in 2024, bhí grúpaí comhrá áitiúla agus gníomhaíochtaí i mBéarra, Béal Átha an Cheasaigh agus Cill Muire; dhá fhéile scannán in Eochaill agus sa Scoil; comhdháil ; dráma Gaeilge i mBaile Chaisleáin Bhéarra; tionscadail ealaíon, féilte agus taispeántais ar Chléire, ar Bhéarra agus ar an gCóbh; chomh maith le himeachtaí ceoil i dTeach Fota agus i nGaeltacht Mhúscraí.
Is é an t-uasmhéid a dheonaítear d’imeacht ar bith ná €1,500 faoin scéim seo. Féadfaidh eagraíochtaí iarratas a dhéanamh ar níos mó ná imeacht amháin laistigh den tréimhse iarratais, agus déanfar iad seo a mheas ag brath ar mhaoiniú a bheith ar fáil agus an tionscnamh ag comhlíonadh na gcritéar deontais.
Tá an scéim seo oscailte d’iarratais go dtí am scoir gnó Dé hAoine 9 Bealtaine, 2025. Tá tuilleadh eolais agus sonraí maidir le conas iarratas a dhéanamh ar fáil ag www.corkcoco.ie/en/council/irish-language-office