Seachtain na Gaeilge: Ag Nascadh an Stair agus an Todhchaí

Tá clár Sheachtain na Gaeilge 2025 fógartha ag Comhairle Contae Chorcaí, agus beidh imeachtaí Gaeilge ar siúl sna leabharlanna, sna scoileanna agus ar líne an mhí seo chugainn. Is í Seachtain na Gaeilge an ceiliúradh bliantúil is mó in Éirinn ar ár dteanga agus ár gcultúr dúchais. Ritheann sé ón 1 go dtí an 17 Márta.
Tá Oifig na Gaeilge de chuid na Comhairle ag obair i gcomhar leis an tSeirbhís Leabharlainne agus Ealaíon chun leabhair Ghaeilge bhreise a chur ar fáil ar fud líonra na leabharlainne. Cuirfidh an tSeirbhís Leabharlainne béim freisin ar a gcatalóg leabhar Gaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge, le rud éigin do gach éinne, lena n-áirítear teidil fhicsin agus neamhfhicsin do dhaoine fásta agus do pháistí.
Ag seoladh clár Sheachtain na Gaeilge Chomhairle Contae Chorcaí, dúirt Méara Chontae Chorcaí, an Clr. Joe Carroll,
Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí, Moira Murrell,
Reáchtálfaidh an scéalaí Paddy O’Brien imeachtaí do scoileanna agus grúpaí Ciorcail Cainte sa Ráth, Droichead na Bandan, An Sciobairín, Eochaill, Cloich na Coillte agus Cionn tSáile. Tá Paddy ar dhuine de thriúr scéalaí cónaithe Chomhairle Contae Chorcaí in Oileáin Iarthair Chorcaí.
Tabharfaidh an t-údar do leanaí agus daoine óga, Áine Ní Ghlinn, cuairt ar bhunscoileanna i Réidh na nDóirí, Béal Átha’n Ghaorthaidh, Baile Bhuirne, Cill na Martra, Cúil Aodha agus Cluain Droichead. Bhain Áine an teideal iomráiteach Laureate na nÓg amach ó 2020 – 2023 agus bhí sí ar an gcéad Laureate Leanaí a scríobh i nGaeilge amháin.
Beidh ‘Torcán’ ar stáitse i nGaelscoil Charraig Uí Leighin agus i nGaelcholáiste Charraig Uí Leighin mar chuid de chlár na bliana seo. Tá fuaim shaibhir casta ag ‘Torcán’, banna ceoil traidisiúnta le stíl nua-aimseartha atá lonnaithe i gCorcaigh. Úsáideann siad bosca ceoil pianó, feadóg, sacsafón, fidil, bazouki, dord leictreach, giotár agus bodhrán.
Glacfaidh ‘Torcán’ páirt freisin sa tsraith sheimineáir ghréasáin bheo ‘Gairmeacha Cruthaitheacha le Gaeilge’ do dhaltaí iar-bhunscoile. Maireann an clár ón 6ú go dtí an 27ú Márta. Tugtar cuireadh do ranganna iar-bhunscoile teacht chuig na seimineáir ghréasáin a bhreathnóidh ar na gairmeacha éagsúla cruthaitheacha atá ar fáil do Ghaeilgeoirí agus dóibh siúd atá tiomanta d'ealaíona traidisiúnta na hÉireann a chur chun cinn ar bhealach comhaimseartha. I dteannta ‘Torcán’ beidh an ceoltóir agus ealaíontóir Ceara Conway, an craoltóir agus múinteoir Ray Cuddihy, an ceoltóir agus an draig-ealaíontóir Tadhg Griffin, agus an scríbhneoir agus craoltóir Manchán Magan. Tugtar cuireadh do scoileanna clárú do na seimineáir ghréasáin saor in aisce seo trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected] nó glaoch ar 021 4285995.