Beidh Oíche Chultúir ar ais i gCorcaigh Dé hAoine, 20 Meán Fómhair 2024 agus beidh gach aon dhuine in ann sult a bhaint as clár spleodrach imeachtaí agus eispéireas

Cllr Dominic Finn, deputising for the Mayor of the County of Cork with members of the Electronic Music Council at the launch of Cultur Night Cork County.

Idir cheol, amharc-ealaíona, amharclannaíocht agus cheardaíocht tá pléisiúr i ndán do Chontae Chorcaí sa 120 imeacht a bheidh ar siúl le linn Oíche Chultúir 2024. Tá Oíche Chultúir Chontae Chorcaí ar an bhfód le 19 mbliana anois le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon agus ó Chomhairle Contae Chorcaí agus is deis uathúil í do phobail teacht le chéile agus ceiliúradh a dhéanamh ar na himeachtaí éagsúla a chuirfear ar fáil ina gceantair.

Dúirt an Cllr Joe Carroll, Méara Chontae Chorcaí, 

Gach aon bhliain, bíonn Oíche Chultúir ina buaicphointe i bhféilire ealaíon Chorcaí. Is léiriú iad saibhreas agus éagsúlacht na n-imeachtaí atá beartaithe ar thiomantas na n-oibrithe deonacha ar fud Chontae Chorcaí agus is mar gheall orthusan a éiríonn thar cionn leis an oíche seo. Cibé acu is spéis leat an amharclannaíocht, an ceol, an fhilíocht an phéintéireacht nó rudaí eile nach iad, beidh imeacht ann duitse i mí Mheán Fómhair. Táim féin ag tnúth le blaiseadh a fháil de chuid acu agus le bualadh le cuid agaibh le linn na hoíche gan amhras.
 

Chomh maith leis an réimse ollmhór imeachtaí a bheidh ar siúl ó 4pm, beidh dhá imeacht speisialta ceoil ar siúl go déanach san oíche: ag Ionad Ealaíon Sirius, an Cóbh, ina mbeidh Electronic Music Council, agus ag Connolly’s ar an Léim, ina mbeidh scata mór ceoltóirí agus DJanna ó Éirinn agus ó Chorcaigh in éineacht le haíonna idirnáisiúnta. I measc na n-ealaíontóirí a bheidh ag taibhiú, cuirfidh Connolly’s ar an Léim JFDR, cumadóir Íoslannach, agus Darren Emerson, iarcheoltóir le Underworld, i láthair.

I measc bhuaicphointí eile na hoíche beidh:

-    Jim White, drumadóir Astrálach mór le rá, agus Marissa Anderson, giotáraí Meiriceánach, á gcur i láthair ag Clonakilty Guitar Festival ag Debarras’s Folk Club, Cloich na Coillte
-    Ceiliúradh mór spleodrach ilchultúrtha ar an damhsa, an ceol agus na healaíona ag Carrigalive ar shráideanna Charraig Uí Leighin don teaghlach ar fad
-    Fermoy Concert Band agus Fermoy International Choir ag teacht le chéile le haghaidh uair an chloig de shiamsaíocht ag seanchlós BSL (ESB)
-    Sraith ceolchoirmeacha ag Kinsale Voices Community Choirs do chónaitheoirí ag saoráidí cúraim do dhaoine scothaosta
-    Cuairt ar Briery Gap Cultural Centre, a athosclaíodh le gairid, i Maigh Chromtha chun léargas a fháil ar fheidhmiú an ionaid
-    Taispeáint mhór amuigh faoin aer den scannán Mamma Mia 2 ag Caisleán Mhala, ina seinnfear ceol Abba beo
-    An taispeántas Breaking Bread ar an Sciobairín, ina bpléifear cuimhní agus cultúr bia dídeanaithe sa cheantar
-    Sraith iniúchtaí an-spéisiúil ar stair shóisialta Eochaille i suíomhanna éagsúla
-    Ceol, amhránaíocht agus damhsa traidisiúnta agus filíocht Ghaeilge ag Gadaí Dubh Books i mBaile Bhuirne
-    Music around the World, ceardlann idirghníomhach ar an gceol ar fud an domhain, do pháistí idir 7 mbliana agus 12 bhliain ar an bPasáiste
-    Agus neart ábhair eile spraoi agus iontais a bheidh le haimsiú!

Beidh na cláir ar siúl i 17 bpríomhcheantar: Baile Bhuirne, Droichead na Bandan, Beanntraí, Carraig Uí Leighin, an Ráth, Cloich na Coillte, an Cóbh, Mainistir Fhear Maí, Cionn tSáile, Maigh Chromtha, Mala, Mainistir na Corann, Baile Mhistéala, an Pasáiste, an Sciobairín, Cnocán na Biolraí agus Eochaill chomh maith leis na ceantair máguaird agus leis na hoileáin amach ó chósta Chorcaí.

Maidir le hOíche Chultúir

Ócáid bhliantúil náisiúnta is ea Oíche Chultúir/Culture Night ina ndéantar ceiliúradh ar na gnéithe ar fad de shaibhreas agus d'éagsúlacht chultúr na hÉireann sa lá atá inniu ann agus ina gceanglaítear daoine le gníomhaíochtaí cultúrtha go háitiúil agus go náisiúnta chun deiseanna a chur ar fáil i gcomhair rannpháirtíocht leanúnach.

Dáta: Dé hAoine, 20 Meán Fómhair 2024
Am: 4pm go dtí go mall san oíche 
Áit: Ionaid agus ceantair ar fud Chontae Chorcaí 
Costas: Tá na himeachtaí ar fad saor in aisce. Ní mór imeachtaí ar leith a chur in áirithe. Féach an suíomh gréasáin le haghaidh tuilleadh eolais.
Suíomh Gréasáin & Clár: www.culturenight.ie / www.culturenightcorkcounty.ie