Contae Chorcaí
Contae Chorcaí
Tabhair Cuairt, Cónaigh, Oibrigh, agus Infheistigh.
Nuacht
Cork County Council Update Ahead of Storm Éowyn Status Red Wind Warning for Cork
Cork County Community Groups Invited to Apply for Local Enhancement Programme 2025
Cork County Council Announces €1.8 million Fund to Support Communities
Fógra Poiblí
Request for Expressions of Interest for the Provision of Catering Services at Camden Fort Meagher
Imeachtaí
Ar Cuairt
Is é Corcaigh, atá lonnaithe in Iardheisceart na hÉireann idir Oirthear Ársa na hÉireann agus Slí an Atlantaigh Fhiáin, an contae is mó in Éirinn. Deirtear faoi Chorcaigh, ag a bhfuil os cionn 1,000km de chósta agus an dara cuan nádúrtha is mó ar domhan, gurb é 'Tearmann Mara na Éireann', é. Tá go leor nithe mealltacha ann a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu agus a tharraingíonn cuairteoirí, mar shampla Droichead Coise Chairn Uí Néid, Inis Píc, Eispéireas Jameson, Páirc Dhúlra Fhóite, Caisleán cáiliúil An Bhlarna, Cúirt agus Páirc Dhúin ar Aill, gan ach cúpla ceann acu a lua. Tá 8 n-oileán in Iarthar Chorcaí, tá cónaí ar 7 gcinn acu agus a chultúr agus a stair uathúil féin ag gach uile cheann acu.
Cónaigh, Oibrigh
Cuireann Comhairle Contae Chorcaí raon leathan de sheirbhísí éagsúla ar fáil do thart ar 332,255 saoránach. Tá roinnt seirbhísí fógartha go maith, mar shampla: Tithíocht, Bóithre, Pleanáil agus Comhshaol, ach tá raon de sheirbhísí ardchaighdeáin eile a chuirimid ar fáil dár bpobail, mar Leabharlanna, an tSeirbhís Dóiteáin, Maoiniú Pobail, LEADER, agus na hEalaíona agus an Oidhreacht.
Infheistigh
Is é ról an Údaráis Áitiúil ná Contae Chorcaí a chur chun cinn mar shuíomh mealltach do ghnólachtaí chun lonnú, fás agus forbairt ann, do dhaoine chun infheistiú ann, agus d'fhostóirí agus d'fhostaithe chun oibre agus cónaí ann. Oibríonn Comhairle Contae Chorcaí chun tacú le gnólachtaí agus cruthú fostaíochta, i gcomhar le gníomhaireachtaí tacaíochta fiontair, fiontraithe, grúpaí pobail, agus páirtithe leasmhara eile.
Do Chomhairle Contae
Tá róil agus freagrachtaí Chomhairle Contae Chorcaí leathnaithe le blianta beaga anuas, agus cé go soláthraímid fós seirbhísí traidisiúnta mar Bóithre, Pleanáil agus Tithíocht, táimid ag tacú freisin le colúin lárnacha na sochaí nua-aimseartha, mar Forbairt Pobail, Tacaíocht Ghnó agus Turasóireacht.