Oibríochtaí na gCeantar Bardasach agus Forbairt Tuaithe

THRIVE - Scéim Athbheochana Oidhreachta Lár Bailte ar dTús

Logos of the Government of Ireland, European Union, Southern Regional Assembly, and Cork County Council.

Ba é Kieran O'Donnell TD, an tAire Stáit do Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, a sheol THRIVE - Scéim Athbheochana Oidhreachta Lár Bailte ar dTús – ar an 8 Feabhra. Reáchtáiltear an scéim seo faoin dá Chlár Réigiúnacha in Éirinn de chuid Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus tá €120 milliún á chur ar fáil tríthi chun tacú le húdaráis áitiúla agus dá saoránaigh láir bailte a athshamhlú agus chun foirgnimh oidhreachta faoi úinéireacht phoiblí atá folamh nó in anchaoi laistigh de na láir bailte sin a chlaochlú trí athchóiriú, athnuachan agus athúsáid oiriúnaitheach. Tá THRIVE á chomhchistiú ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach.

Cuimsítear le THRIVE bunluachanna Bauhaus Nua na hEorpa – inbhuanaitheacht, aeistéitic agus ionchuimsiú. Faoin scéim seo, cothaítear cur chuige saoránach-lárnach faoi stiúir an phobail maidir le pleanáil, dearadh agus roghnú tionscadal faoi chreat Lár Bailte ar dTús. Tá THRIVE dírithe ar lonnaíochtaí móra uirbeacha – cathracha, ionaid fáis réigiúnacha agus eochair-bhailte – agus ar fhoirgnimh oidhreachta atá faoi úinéireacht phoiblí. Rangaítear foirgnimh oidhreachta faoin scéim mar struchtúir atá mar chuid den oidhreacht ailtireachta agus a bhfuil tréithe uathúla ailtireachta, seandálaíochta nó ealaíonta acu, nó a bhfuil ceangal acu le stair chultúrtha agus gheilleagrach na háite.

Rinneadh dhá ghairm ar iarratais trí THRIVE i mí Feabhra 2024.

Baineann iarratais i Sraith 1 le:

  • Straitéisí uirbeacha comhtháite agus forbairt píblíne tionscadal, lena n-áirítear straitéisí uirbeacha comhtháite a fhorbairt agus a fheabhsú,
  • tionscadail ina gcuirtear caomhnú agus athúsáid oiriúnaitheach ár stoic oidhreachta tógtha a shainaithint agus an líon foirgneamh atá folamh nó in anchaoi a laghdú i láir bailte, 
  • tograí tionscadal a chur in ord tosaíochta, a fhorbairt agus a shonrú chun píblíne a chruthú i gcomhair athchóirithe oidhreachta tógtha agus tionscadail athúsáide oiriúnaithí atá réidh le haghaidh infheistíochta.

Baineann iarratais i Sraith 2 le:

  • Foirgnimh oidhreachta atá folamh nó in anchaoi a athchóiriú agus a athúsáid go hoiriúnaitheach, 
  • tionscadail phíolótacha agus treo-aimsitheora roghnaithe a sholáthar a mbeidh tionchar dearfach agus bunathraitheach acu ar an líon foirgneamh i láir bailte atá folamh nó in anchaoi agus a bheidh mar threoir ag an gcur chuige i mbailte eile ag céimeanna luatha sa phróiseas.